Description
Creideann páirtithe leasmhara gurb é an bealach is éifeachtaí chun cabhrú le rialáil agus ceadúnú dobharshaothraithe ná duine teagmhála amháin a bheith ag an táirgeoir, lenar féidir leo idirghníomhú go díreach le linn an phróisis réamhiarratais agus iarratais. Tá baint ag an Oifigeach Idirchaidrimh Dobharshaothraithe go príomha le cúnamh a thabhairt don táirgeoir an t-iarratas a chur i gcrích. Tá sé sin éagsúil leis an ‘ionad ilfhreastail’ a dhéileálann le próiseas cinnteoireachta iarratais agus a chomhordaíonn aon chumarsáid idir an t-iarratasóir, rialtóirí, cinnteoirí agus aon pháirtithe leasmhara nó páirtithe ábhartha eile.
Ba cheart don Oifigeach Idirchaidrimh Dobharshaothraithe an méid seo a leanas a sholáthar:
- Treoraíocht agus ionchur sna réamhchéimeanna pleanála —
Cúnamh sna measúnuithe réamhiarratais —
Rochtain ar úsáid samhlacha agus uirlisí pleanála agus saineolas ina leith, ar samhlacha agus uirlisí iad a d’fhéadfaí a úsáid chun cabhrú le láithreáin a shainaithint agus a roghnú, agus le pleanáil gnó agus táirgthe luathchéime — Cumarsáid
leanúnach, aiseolas agus comhairle
le linn an phróisis iarratais — idirchaidreamh le gníomhaithe eile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas thar ceann an iarratasóra
Details
- Original Author(s)
- Tools for Assessment and Planning of Aquaculture Sustainability - TAPAS - consortium partners led by the University of Stirling
- Topic(s)
- Creat Rialála agus Riaracháin, Eagraíochtaí Táirgeoirí agus Eagraíochtaí Margaidh
- Geographical Coverage
- European
- Date
- March, 2016 - February, 2020
- Source