Feirmeoireacht éisc
Is cineál dobharshaothraithe í anfheirmeoireacht éisc a dhéileálann le fás éisc in imfháluithe uisceacha rialaithe mar locháin, lochanna, taiscumair, nó pionnaí glana san fharraige. D’fhéadfadh córais atá dúnta go hiomlán, ar a dtugtar ‘córais athchúrsála chomhtháite’, a bheith i gceist leo sin; córais leathdhúnta, dá ngairtear ‘córais tréshreafa/rianbhealaigh’; nó córais oscailte, ar a dtugtar ‘córais cháis’ freisin. Is iad an doingean mara Eorpach, an garbhánach órcheannach, an bradán Atlantach, an carbán coiteann agus an breac dea-dhathach na speicis éisc is coitianta a shaothraítear san Aontas.
Feirmeoireacht sliogéisc (moilisc agus crústaigh) agus inveirteabrach eile
Is éard atá i gceist lefeirmeoireacht sliogéisc inveirteabraigh uisceacha a shaothrú agus a bhaint, lena n-áirítear moilisc amhail diúilicíní, oisrí agus breallaigh agus crústaigh amhail séaclaí. Tá teicnící feirmeoireachta éagsúla ann don chineál seo dobharshaothraithe, ag brath ar an speiceas a shaothraítear chomh maith le suíomh geografach na feirme. Is féidir sliogéisc a fhás go díreach ar an trá, a chur i líontán cosanta nó i málaí fáis ag bun an uisce, nó a chur ar crochadh os cionn an dríodair ar spiléir nó ó raftaí. Is iad diúilicíní Meánmhuirí, diúilicíní gorma, oisrí ciúbáilte an Aigéin Chiúin, breallaigh mhaighdeogacha nei, diúilicíní mara nei, breallaigh mhaighdeogacha agus breallaigh chairpéid eitrithe na príomhspeicis a tháirgtear i saoráidí feirmeoireachta sliogéisc an Aontais.
Tagraíonnfeirmeoireacht inveirteabrach eile, inter alia, do chuáin mhara nó do chúcamair mhara.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an Grafaic faisnéise a d’fhorbair AAM ‘Dobharshaothrúsliogéisc san Aontas’.
Algaíocht
Is cineál dobharshaothraithe é analgashaothrú atá dírithe ar fheirmeoireacht speiceas algaí, lena n-áirítear macralgaí agus miocralgaí agus cianabaictéir amhail spirulina. Saothraítear macralgaí, ar a dtugtar feamainn de ghnáth, in uiscí mara cósta/amach ón gcósta nó i gcórais dhúnta ar talamh. Is príomhorgánaigh iad feamainn sna córais Chomhtháite Iltrófacha Dobharshaothraithe. Saothraítear miocralgaí/cianabaictéir i bhfóta-bhith-imoibreoirí, i linnte rásbhealaigh nó i soithí coipthe. Fágann na comhdhúile bithcheimiceacha agus na hairíonna bithcheimiceacha gur ábhar luachmhar aigéin iad algaí le haghaidh feidhmeanna tráchtála amhail bia don duine, beatha ainmhithe/iasc agus breiseáin bheathaithe, leigheas, cógaisíocht, nútraiceodaigh, leasacháin, bithspreagthaigh plandaí, bithphacáistiú, cosmaidí nó bithbhreoslaí. Tá na méideanna saothraithe san Eoraip imeallach, agus as 85 000 tonna d’algaí a bhaintear san Aontas, ní thagann ach thart ar 1 % de ó shaothrú algaí agus baintear an chuid eile ó stoic fhiáine. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún Eorpach leas a bhaint as an acmhainneacht algaí san Eoraip, e.g. trí thionscnamh an Aontais maidir le hAlgaí a glacadh an 15 Samhain 2022 a chur chun feidhme agus trí Fhóram Eorpach na nGeallsealbhóirí Algaí a chur ar bun.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an Grafaic faisnéise a d’fhorbair AAM ‘earnáilalgaí an Aontais’.
Dobharshaothrú orgánach
Is córas bainistíochta éan dobharshaothrú orgánach le haghaidh feirmeoireacht éisc agus speiceas uisceach eile bunaithe ar na prionsabail orgánacha a leagtar amach i Rialachán an Aontais maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha (Rialachán (AE) 2018/848). Áirítear ar phrionsabail orgánacha, inter alia, úsáid fhreagrach fuinnimh agus acmhainní nádúrtha, srian a chur ar úsáid ionchur seachtrach, ardleibhéal leasa ainmhithe lena n-urramaítear riachtanais a bhaineann go sonrach le speiceas ar leith agus sláinte leanúnach na timpeallachta uiscí agus cáilíocht na n-éiceachóras uisceach agus talún máguaird.
Tá doiciméad oibre maidir leis na saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar fhorbairt dhobharshaothrú orgánach an Aontais (Lúnasa 2023) ar fáil anseo: suíomh gréasáin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin maidir le Feirmeoireacht Orgánach (europa.eu) agus maidir leis an Grafaic Faisnéise a d’fhorbair AAM “DobharshaothrúOrgánach san Aontas”.
Eagraíonn an Coimisiún Eorpach, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún, COPA-COGECA, agus IFOAM Organics Europe Gradaim Orgánacha an Aontais ar bhonn bliantúil. Tugannna gradaim seo luach saothair do na hearnálacha orgánacha is fearr agus is nuálaí san AE, atá ag cuidiú le tionchar na talmhaíochta agus an dobharshaothraithe ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a laghdú. Tá tuilleadh eolais faoi na catagóirí agus na gradaim éagsúla agus faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh ar fáil ar leathanach Ghradaim Orgánacha an Aontais.