Skip to main content
EU Aquaculture Assistance Mechanism

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an méid seo a leanas: “Sábháilteacht mhuirí: i gcroílár na loingseoireachta glaine nua-aimseartha”

Description

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chúig phíosa reachtaíochta chun rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht agus inbhuanaitheacht mhuirí a nuachóiriú agus uirlisí a chur ar fáil don Aontas chun tacú le loingseoireacht ghlan nua-aimseartha. Is é an aidhm atá ann a chinntiú go bhfuil earnáil mhuirí an Aontais oiriúnach dá feidhm. I dteannta a chéile, is iad na tograí sin is bonn leis na hiarrachtaí chun trácht agus iompar muirí éifeachtúil, inbhuanaithe agus sábháilte a áirithiú in uiscí an Aontais agus níos faide i gcéin, ar mhaithe leis na saoránaigh, pobail chósta, an comhshaol muirí agus aigéin shláintiúla. I gcomhthráth leis an gcreat dlíthiúil láidir sin, tá an tAontas tiomanta d’oibriú laistigh den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) chun an barr feabhais a leagan síos maidir le cúrsaí sábháilteachta agus slándála, digitiú, agus glasú agus dícharbónú na loingseoireachta. 

Details

Original Author(s)
European Commission
Topic(s)
Rochtain ar an Spás agus ar an Uisce, Feidhmíocht Chomhshaoil, Creat Rialála agus Riaracháin
Geographical Coverage
European
Date
June, 2023
Source