Skip to main content
EU Aquaculture Assistance Mechanism

An dobharshaothrú a chomhtháthú i bpobail áitiúla

Description

Tá cúig bhileog eolais phraiticiúla sa treoir seo ina gcuirtear faisnéis, smaointe agus samplaí ar fáil maidir leis an gcaoi ar féidir le GÁGIanna an dobharshaothrú a chomhtháthú níos fearr ina limistéar:

  • I mbileog eolais 1 ‘Dobharshaothrú mar spreagadh don fhás gorm i limistéir CLLD’, tugtar tuairisc ar na cineálacha éagsúla dobharshaothraithe atá i limistéir GÁGI, ina gcuirtear i dtábhacht an raon leathan dúshlán atá os comhair an dobharshaothraithe, agus an rannchuidiú a d’fhéadfadh an earnáil a dhéanamh leis an bhforbairt áitiúil.
  • I mbileog eolais 2 ‘Aghaidh a thabhairt ar ábhair imní do thomhaltóirí agus don chomhshaol ar an leibhéal áitiúil’, leagtar béim ar na dúshláin mhóra a bhaineann leis na príomhábhair imní sin agus leis an tionchar atá acu ar earnáil an dobharshaothraithe agus soláthraítear samplaí de ghníomhaíochtaí ar féidir le GÁGInna tús a chur leo nó tacú leo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.
  • Díríonn bileog eolais 3 ‘Coinbhleachtaí úsáideoirí a mhaolú agus rannpháirtíocht i gcinntí áitiúla a éascú’ ar dhúshláin a bhaineann le coinbhleachtaí úsáideoirí a d’fhéadfadh teacht chun cinn i ndáil le táirgeadh dobharshaothraithe, ina dtugtar samplaí den chaoi ar féidir le GÁGIanna cabhrú le coinbhleachtaí den sórt sin a sheachaint agus a chur ar chumas táirgeoirí ról níos mó a bheith acu i bpróisis chinnteoireachta a bhaineann le pleanáil spásúlachta áitiúil.
  • Díríonn bileog eolais 4 ar ‘Éagsúlú gníomhaíochtaí laistigh den earnáil dobharshaothraithe’, lena n-áirítear córais athshruthaithe, uiscephonaic, táirgeadh comhtháite, etc.
  • I mbileog eolais 5, breathnaítear ar ‘Éagsúlú lasmuigh d’earnáil an dobharshaothraithe’, go príomha i réimse na turasóireachta, ach freisin in úsáid seachtháirgí i dtionscail nuálacha.

Details

Original Author(s)
Corporate Author(s): European Commission
Corporate Author(s): Directorate-General for Maritime Affairs and Fisheries - DG MARE
Personal Author(s): Budzich-Tabor, Urszula
Personal Author(s): Rigaud, Arthur
Personal Author(s): Gomes da Silva, Serge
Personal Author(s): van de Walle, Gilles
Topic(s)
Comhtháthú i bPobail Áitiúla
Geographical Coverage
European
Date
2018
Source