Description
Conas is féidir le GÁGIanna a bheith rannpháirteach go gníomhach i bpróiseas cuimsitheach bainistithe acmhainní áitiúla a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus cén ról a d’fhéadfadh a bheith acu sa phróiseas sin? Conas is féidir le GÁGInna cuidiú le gníomhaíochtaí áitiúla a dhéanamh níos inbhuanaithe agus rannchuidiú le cosaint an chomhshaoil? Cad é an bealach is fearr chun gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe a chomhtháthú i limistéir faoi chosaint? Cad is féidir le GÁGIanna a dhéanamh chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh níos inghlactha go sóisialta agus chun daoine áitiúla agus earnáil an iascaigh a spreagadh chun tacú lena bhforbairt?
Leis an treoir seo, féachfar leis na ceisteanna sin a fhreagairt ó thaobh modheolaíochta agus praiticiúla de araon. Tá sé roinnte ina chúig bhileog eolais théamacha, agus uirlisí, comhairle saineolaithe agus cás-staidéir ar thionscnaimh agus gníomhaíochtaí GÁGI i ngach ceann acu:
— Comhbhainistiú acmhainní áitiúla — Láithreáin Natura 2000 agus limistéir mhuirí faoi chosaint a
bhainistiú —
Faireachán a dhéanamh ar acmhainní iascaigh áitiúla agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta — Deimhniúchán
iascaigh inbhuanaithe — Cleachtais a
fheabhsú agus an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur i bhfeidhm. Tá forléargas áisiúil sa
treoir freisin ar phríomhdhlíthe, príomhbheartais agus príomhchoincheapa a bhaineann le bainistiú acmhainní áitiúla mar aon le tagairtí d’fhoinsí breise faisnéise.
Details
- Original Author(s)
- Corporate Author(s): European Commission - ECCorporate Author(s): Directorate-General for Maritime Affairs and Fisheries - DG MAREPersonal Author(s): Rigaud, ArthurPersonal Author(s): Guerin, BenoîtPersonal Author(s): van de Walle, GileesPersonal Author(s): Binet, Thomas
- Topic(s)
- Feidhmíocht Chomhshaoil, Comhtháthú i bPobail Áitiúla, Rochtain ar an Spás agus ar an Uisce, Rialú
- Geographical Coverage
- European
- Date
- 2018
- Source