Skip to main content
EU Aquaculture Assistance Mechanism

Maoiniú

Tugann an tAontas tacaíocht airgeadais don earnáil dobharshaothraithe le raon leathan clár cistiúcháin, cláir a chuirtear chun feidhme go príomha trí Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) an Aontais ó 2021 go 2027 agus trí ionstraim théarnaimh NextGenerationEU (NGEU). Is é an sprioc dheiridh cur chun feidhme na dTreoirlínte Straitéiseacha ón gCoimisiún maidir le dobharshaothrú AE a bheidh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021-2030 a chothú.

Tugtar forléargas sa roinn seo ar ghlaonna oscailte an Aontais ar thograí agus ar thairiscintí i réimse an dobharshaothraithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil a d’fhéadfadh do thaighde nó do thionscadal a bhaineann le dobharshaothrú a mhaoiniú, iarraimid ort freisin féachaintar an “bPáipéar Cúlra maidir le Deiseanna Cistiúcháin ón Aontas atá ar fáil don Dobharshaothrú”a d’fhorbair an Sásra Cúnaimh Dobharshaothraithe.

Filter by

Maoiniú (63)

Showing results 60 to 63
    • Closed
    • € 7.500.000 (max. € 1.000.000 per project)
    • Eolas agus Nuálaíocht

    Is é is aidhm fhoriomlán don Ghlao seo rannchuidiú leis an gcéad ghlúin eile de scileanna gorma a fhorbairt agus deiseanna a chur ar fáil le haghaidh gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe muirí. Is é an cuspóir atá ann na tacair scileanna is gá a...

    • TargetsInstitiúidí oideachais/acadúla mara agus muiríSoláthraithe gairmoiliúna ar gach leibhéalGeallsealbhóirí eile


    • Closed
    • € 3.600.000
    • Oiriúnú don Athrú Aeráide agus Maolú, Cumarsáid a dhéanamh maidir le Dobharshaothrú an Aontais, Feidhmíocht Chomhshaoil, Eolas agus Nuálaíocht

    Is é aidhm uileghabhálach na tairisceana rannchuidiú le táirgeadh inbhuanaithe algaí a mhéadú, tomhaltas sábháilte algaí a áirithiú agus borradh a chur faoi úsáid nuálach algaí agus táirgí atá bunaithe ar algaí san Eoraip. 1) Ardán Eorpach Páirtithe...