I gcomparáid le fás an dobharshaothraithe ar leibhéal an domhain, tá táirgeadh an Aontais beagnach marbhánta.
Tá ráta fáis an dobharshaothraithe éisc in AE-27 an-íseal ó 2000 i leith, agus fás 1.1 % in aghaidh na bliana (meánfhás bliantúil) ag teacht ar dhobharshaothrú éisc agus fás 2.8 % ag teacht ar speicis mhoilisc. Má chuirtear an Iorua agus an Tuirc san áireamh, méadaíonn an méid iomlán go 4 %. Ar an leibhéal domhanda, is é 4.3 % an meánfhás bliantúil ar dhobharshaothrú éisc. (FAO, 2022, https://www.fao.org/fishery/en/topic/166235).