Description
Sa Doiciméad Inmheánach Oibre seo, cuirtear i láthair torthaí na meastóireachta eatramhaí ar an Modh Oscailte Comhordúcháin (MOC) le haghaidh fhorbairt inbhuanaithe Dhobharshaothrú an Aontais. Tá sé bunaithe ar thuarascáil mheastóireachta neamhspleách arna hullmhú ag sainchomhairleoirí seachtracha, agus ar fhoinsí eile fianaise, inter alia an ‘Tuarascáil Eacnamaíoch ar Earnáil Dobharshaothraithe an Aontais’ (STECF-18-19) agus Tuarascáil 2018 maidir le Margadh Éisc an Aontais. Is é is aidhm don mheastóireacht (i) measúnú a dhéanamh ar iarrachtaí náisiúnta agus ar iarrachtaí an Aontais forbairt an dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn i ndáil le cuspóirí MOC i dtéarmaí a n-éifeachtachta, a n-éifeachtúlachta, a n-ábharthachta, a gcomhleanúnachais agus a mbreisluach AE; (II) na Ballstáit, na páirtithe leasmhara agus an pobal a chur ar an eolas faoin méid atá bainte amach ag MOC san earnáil sin; (III) fianaise a sholáthar le haghaidh ceapadh beartas amach anseo maidir le dobharshaothrú AE. Is é is aidhm don mheastóireacht na tosca a shainaithint a chuir le rath nó teip chur chun feidhme MOC go dtí seo agus is féidir léi rannchuidiú le beartas fianaise-bhunaithe a fhorbairt a thuilleadh maidir le forbairt inbhuanaithe dhobharshaothrú an Aontais.
Details
- Original Author(s)
- European Commission
- Topic(s)
- Feidhmíocht Chomhshaoil, Cumarsáid a dhéanamh maidir le Dobharshaothrú an Aontais, Creat Rialála agus Riaracháin
- Geographical Coverage
- European
- Date
- 2020
- Source