Description
Tagann an staidéar seo tar éis sraith fhada staidéar a rinne iarracht an geilleagar gorm san Aontas a shainiú agus a thomhas. Chuir siad sin roinnt faisnéise cáilíochtúla ar fáil, ach threisigh siad den chuid is mó an méid a bhí ar eolas cheana féin ó chéad staidéar 2009, eadhon go bhfuil drogall ar eagraíochtaí staidrimh náisiúnta nó nach bhfuil siad in ann faisnéis níos mionsonraithe a sholáthar ná mar a chuir siad ar fáil don Choimisiún cheana féin. Dá bhrí sin, tá tús curtha ag an gCoimisiún lena ríomhanna féin a dhéanamh, bunaithe ar na staidéir thuasluaite, chomh maith le sonraí atá ar fáil go poiblí amhail Staidreamh Struchtúrach Gnó (SBS), táblaí ionchuir-aschuir, staidreamh turasóireachta, an Creat um Bailiú Sonraí d’Iascaigh agus an Suirbhé ar an bhFórsa Saothair. Bhí sé d’aidhm ag an staidéar seo na huimhreacha sin a chros-seiceáil agus sonraí breise a sholáthar ó fhoinsí eile.
Details
- Original Author(s)
- CETMARCOGEAEuropean Innovation Council and SMEs Executive Agency - European Commission
- Topic(s)
- Feidhmíocht Chomhshaoil, Sonraí agus Faireachán
- Geographical Coverage
- European
- Date
- 2017
- Source