Description
Déantar achoimre sa pháipéar seo ar phríomhthorthaí Thuarascáil Eacnamaíoch 2018 ó Earnáil Dobharshaothraithe an Aontais, ina dtugtar forléargas cuimsitheach ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil maidir le táirgeadh, luach eacnamaíoch, struchtúr agus feidhmíocht iomaíoch na hearnála dobharshaothraithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais do na blianta 2008 go 2016. Níl tuairisciú ar dhobharshaothrú fionnuisce éigeantach faoin gCreat um Bailiú Sonraí (DCF). Mar thoradh air sin, ní thuairiscíonn roinnt Ballstát na sonraí sin. Nuair is féidir, déantar meastachán ar na figiúirí d’earnáil dobharshaothraithe fhoriomlán an Aontais. Rannchuidíonn an tuarascáil le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí in earnáil dobharshaothraithe an Aontais i dtéarmaí na bpríomhspeiceas a tháirgtear agus a threochtaí eacnamaíocha.
Details
- Original Author(s)
- Directorate-General for Maritime Affairs and Fisheries - DG MAREEuropean Commission
- Topic(s)
- Sonraí agus Faireachán, Eolas agus Nuálaíocht
- Geographical Coverage
- European
- Date
- February, 2020
- Source