Skip to main content
EU Aquaculture Assistance Mechanism

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tuairisciú ar shonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha agus lena mbunaítear an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha

Description

Leis an togra seo, déantar athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 166/20061 lena mbunaítear an Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach), mar an clár uile-Eorpach lena soláthraítear rochtain phoiblí ar phríomhshonraí comhshaoil ó shaoráidí tionsclaíocha atá lonnaithe san Aontas, san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua. Is éard atá in PRTR Eorpach sonraí a thuairiscíonn 30,000 saoráid thionsclaíoch ar bhonn bliantúil, ar saoráidí iad lena gcumhdaítear 65 ghníomhaíocht eacnamaíoch ar fud an Aontais. Gach bliain, cuireann na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún ina bhfuil sonraí arna gcur isteach ag oibreoirí saoráidí tionsclaíocha maidir le scaoilte agus aistrithe gach saoráide. Foilsíonn an Coimisiún na sonraí ar shuíomh gréasáin poiblí ina dhiaidh sin, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.

Details

Original Author(s)
European Commission
Topic(s)
Feidhmíocht Chomhshaoil, Creat Rialála agus Riaracháin, Sonraí agus Faireachán
Geographical Coverage
European
Date
May 2022
Source