Le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32007R0708&…) an 11 Meitheamh 2007 maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú, cuirtear creat ar fáil chun a áirithiú go gcosnófar an comhshaol uisceach ar na rioscaí a bhaineann le feirmeoireacht na speiceas sin. Rialaítear leis a ngluaiseachtaí san Aontas, lena gcumhdaítear gach speiceas uisceach agus gach cineál táirgthe, agus tá rialacha speisialta ann maidir le saoráidí dúnta dobharshaothraithe, chomh maith le díolúine do speicis a liostaítear in Iarscríbhinn IV.
Ní mór d’oibreoirí dobharshaothraithe iarratas a dhéanamh ar chead chun speiceas coimhthíoch a thabhairt isteach nó chun speiceas nach bhfaightear go háitiúil a thrasghluaiseacht ó chomhlacht riaracháin ábhartha i mBallstát an Aontais (‘údarás inniúil’). Ní mór don iarratasóir sainchomhad a chur isteach de réir na dtreoirlínte táscacha a shonraítear in Iarscríbhinn I. Déanfaidh coiste comhairleach measúnú i dtaobh an bhfuil an fhaisnéis uile is gá san iarratas agus suífidh sé a inghlacthacht agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Cuirfidh an coiste a thuairim ar aghaidh ansin chuig an údarás inniúil, a dhéanfaidh cinneadh i dtaobh an gcead a eisiúint nó a dhiúltú i gcomhréir leis an nós imeachta bunaithe.