In 2020, shroich táirgeadh dobharshaothraithe an Aontais 1,2 milliún tona san iomlán, le luach EUR 3,9 billiún. An tráth sin, ba iad na diúilicíní mara (19 % de tháirgeadh iomlán an Aontais), an breac dea-dhathach (17 %), diúilicíní gorma (11 %), oisrí caidhpeáilte an Aigéin Chiúin (9 %), an garbhánach órcheannach (8 %), diúilicíní Meánmhuirí (7 %), an doingean mara Eorpach (7 %), an carbán coiteann (7 %) agus an tuinnín gorm Atlantach (3 %) na príomhspeicis dobharshaothraithe a táirgeadh. Is ionann na naoi speiceas sin agus 87 % de tháirgeadh iomlán dobharshaothraithe an Aontais de réir meáchain (STECF 22-17-AE).