- Portugal
- United Kingdom
San fhoilseachán seo cuirtear i láthair aistear oideachais maidir leis an gClaochlú Gorm sa dobharshaothrú do mhic léinn i réigiún na Meánmhara agus na Mara Duibhe. Ar an iomlán, is é an aidhm atá aige eispéireas foghlama forásach agus taitneamhach a...
Sa treoirdhoiciméad seo, tugtar forléargas d’fheirmeoirí éisc ar reachtaíocht an Aontais maidir le sláinte ainmhithe agus an t-athrú aeráide, mar aon le treoir maidir le bearta coisctheacha galar. Ina theannta sin, scrúdaíonn sé cineálacha cur chuige...
Tugann an cúrsa seo forbhreathnú ar ghalair in orgánaigh uisceacha. Agus an méid sin á dhéanamh aige, leagann sé béim ar a thábhachtaí atá ullmhacht chun galair in orgánaigh uisceacha a chosc, a bhainistiú agus a rialú go héifeachtach. Tugann an...
1. Cad iad na príomhbhuntáistí a bhaineann leis an dobharshaothrú?
Nuair a dhéantar ar bhealach inbhuanaithe é, is féidir leis an dobharshaothrú cabhrú le cuid de na saincheisteanna is práinní atá romhainn sa lá atá inniu ann a réiteach.
— Cuireann dobharshaothrú bia cothaitheach agus éagsúil ar fáil do dhaonra an domhain atá ag dul i méid.
— Le dobharshaothrú, laghdaítear an gá atá le níos mó éisc fhiáine a ghabháil chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar éisc agus, dá bhrí sin, rannchuidítear le stoic éisc a chaomhnú.
Féadann sé bia úr agus áitiúil a sholáthar. Trí bhia a sholáthar níos gaire don tomhaltóir, is féidir astaíochtaí carbóin san iompar a laghdú.
— Is féidir le dobharshaothrú bia agus beatha a tháirgeadh a bhfuil tionchar aeráide agus comhshaoil níos ísle acu ná cineálacha eile feirmeoireachta (e.g. feirmeoireacht bó-ainmhithe le haghaidh bainne nó feola). Trí níos mó bia a ithe ón dobharshaothrú, is féidir linn brú na feirmeoireachta ar an talamh a laghdú freisin.
— Is féidir le gníomhaíochtaí dobharshaothraithe a bheith ina bhfoinse ioncaim agus forbartha do phobail iargúlta chósta agus tuaithe nach bhfuil mórán roghanna malartacha ar fáil ina leith. Cuireann cineálacha áirithe dobharshaothraithe le caomhnú na n-éiceachóras agus na bithéagsúlachta (e.g. feirmeoireacht moileasc, dobharshaothrú fairsing i linnte agus i mbogaigh, agus feirmeoireacht algaí agus inveirteabrach eile). Áirítear ar na seirbhísí sin an t-uisce a ghlanadh ó chothaithigh iomarcacha agus ó ábhar orgánach nó éiceachórais agus bithéagsúlacht a chaomhnú agus a athchóiriú.
2. Cad is gá dom a dhéanamh más mian liom tús a chur le gníomhaíocht dobharshaothraithe san Aontas?
— Sula bhféadfaidh feirmeacha dobharshaothraithe feidhmiú, ní mór do tháirgeoirí dobharshaothraithe amach anseo údarú a fháil ó na húdaráis náisiúnta inniúla (d’fhéadfadh sé uaireanta go mbeadh údaráis réigiúnacha freagrach as údaruithe). Ina measúnú, seiceálann na húdaráis an bhfuil an suíomh atá beartaithe oiriúnach agus fíoraíonn siad go cúramach an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfeirm ar an gcomhshaol.
— Tá údarú de dhíth ar tháirgeoirí dobharshaothraithe sula n-úsáideann siad sáile nó fionnuisce le haghaidh na feirme. Nuair a fhilleann siad ar an gcomhshaol, níor cheart go dtiocfadh meath ar stádas an dobharlaigh.
Ina theannta sin, ní mór bunaíochtaí dobharshaothraithe a bheith cláraithe nó formheasta ag údaráis sláintíochta a dhéileálann le sláinte ainmhithe, agus tá oibleagáid ar an bhfeirmeoir agus ar na húdaráis sin faireachas a dhéanamh ar ghalair a d’fhéadfadh a bheith ann.
— A luaithe a fhaightear na húdaruithe uile, ní mór do tháirgeoirí dobharshaothraithe roinnt coinníollacha a chomhlíonadh chun a áirithiú go n-urramaítear an comhshaol, sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe le gníomhaíochtaí dobharshaothraithe.
— Ní mór d’fheirmeacha údaraithe leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar a dtionchar ar an gcomhshaol.
— Chun an comhshaol a chosaint, ní fhéadfaidh táirgeoirí ach beatha, táirgí glantacháin agus cógais údaraithe a úsáid.
Maidir le sláinte ainmhithe, tá sé d’oibleagáid ar fheirmeoirí freisin roinnt taifead a choinneáil, lena n-áirítear na taifid sin a bhaineann le líon na n-ainmhithe a thagann isteach ar an bhfeirm agus a fhágann an fheirm agus líon na n-ainmhithe a fhaigheann bás. Ní mór dóibh taifead a dhéanamh freisin ar na bearta a dhéanann siad chun aon bhaol galair a chosc agus a bhainistiú. Chun sláinte tomhaltóirí a chosaint, ní mór d’fheirmeoirí dobharshaothraithe cloí le rialacha dochta maidir le sláinteachas bia agus sláinte ainmhithe. Ní mór dóibh beatha údaraithe agus rialaithe amháin a úsáid.
— Tá gá le hoideas ó thréidlia chun cógais tréidliachta a úsáid, agus ní cheadaítear ach cógais tréidliachta údaraithe, agus tréimhsí aistarraingthe forordaithe agus teorainneacha iarmhar á n-urramú. Ní mór d’fheirmeoirí na cógais tréidliachta go léir a úsáideann siad a thaifeadadh agus cóip de na hoidis a choinneáil.
— Ina theannta sin, ní mór d’fheirmeoirí a chinntiú go gcaithfear go daonnachtúil le hainmhithe feirmshaothraithe ar feadh a dtimthrialla táirgthe agus le linn a maraithe agus a n-iompair.