— Sula bhféadfaidh feirmeacha dobharshaothraithe feidhmiú, ní mór do tháirgeoirí dobharshaothraithe amach anseo údarú a fháil ó na húdaráis náisiúnta inniúla (d’fhéadfadh sé uaireanta go mbeadh údaráis réigiúnacha freagrach as údaruithe). Ina measúnú, seiceálann na húdaráis an bhfuil an suíomh atá beartaithe oiriúnach agus fíoraíonn siad go cúramach an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfeirm ar an gcomhshaol.
— Tá údarú de dhíth ar tháirgeoirí dobharshaothraithe sula n-úsáideann siad sáile nó fionnuisce le haghaidh na feirme. Nuair a fhilleann siad ar an gcomhshaol, níor cheart go dtiocfadh meath ar stádas an dobharlaigh.
Ina theannta sin, ní mór bunaíochtaí dobharshaothraithe a bheith cláraithe nó formheasta ag údaráis sláintíochta a dhéileálann le sláinte ainmhithe, agus tá oibleagáid ar an bhfeirmeoir agus ar na húdaráis sin faireachas a dhéanamh ar ghalair a d’fhéadfadh a bheith ann.
— A luaithe a fhaightear na húdaruithe uile, ní mór do tháirgeoirí dobharshaothraithe roinnt coinníollacha a chomhlíonadh chun a áirithiú go n-urramaítear an comhshaol, sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe le gníomhaíochtaí dobharshaothraithe.
— Ní mór d’fheirmeacha údaraithe leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar a dtionchar ar an gcomhshaol.
— Chun an comhshaol a chosaint, ní fhéadfaidh táirgeoirí ach beatha, táirgí glantacháin agus cógais údaraithe a úsáid.
Maidir le sláinte ainmhithe, tá sé d’oibleagáid ar fheirmeoirí freisin roinnt taifead a choinneáil, lena n-áirítear na taifid sin a bhaineann le líon na n-ainmhithe a thagann isteach ar an bhfeirm agus a fhágann an fheirm agus líon na n-ainmhithe a fhaigheann bás. Ní mór dóibh taifead a dhéanamh freisin ar na bearta a dhéanann siad chun aon bhaol galair a chosc agus a bhainistiú. Chun sláinte tomhaltóirí a chosaint, ní mór d’fheirmeoirí dobharshaothraithe cloí le rialacha dochta maidir le sláinteachas bia agus sláinte ainmhithe. Ní mór dóibh beatha údaraithe agus rialaithe amháin a úsáid.
— Tá gá le hoideas ó thréidlia chun cógais tréidliachta a úsáid, agus ní cheadaítear ach cógais tréidliachta údaraithe, agus tréimhsí aistarraingthe forordaithe agus teorainneacha iarmhar á n-urramú. Ní mór d’fheirmeoirí na cógais tréidliachta go léir a úsáideann siad a thaifeadadh agus cóip de na hoidis a choinneáil.
— Ina theannta sin, ní mór d’fheirmeoirí a chinntiú go gcaithfear go daonnachtúil le hainmhithe feirmshaothraithe ar feadh a dtimthrialla táirgthe agus le linn a maraithe agus a n-iompair.