De réir Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32018R0848), is córas foriomlán bainistithe feirme agus táirgthe bia é an táirgeadh orgánach lena gcomhcheanglaítear na cleachtais is fearr maidir leis an gcomhshaol agus gníomhú ar son na haeráide, ardleibhéal bithéagsúlachta, caomhnú acmhainní nádúrtha agus cur i bhfeidhm ardchaighdeán leasa ainmhithe agus ardchaighdeán táirgthe i gcomhréir leis an éileamh atá ag líon méadaitheach tomhaltóirí ar tháirgí a tháirgtear trí shubstaintí agus próisis nádúrtha a úsáid. Déantar foráil sa Rialachán seo, in éineacht le gníomhartha tánaisteacha ábhartha áirithe, maidir le rialacha táirgthe mionsonraithe do dhobharshaothrú orgánach lena n-áirítear ceanglais chomhshaoil, urraim do thréimhse chun tiontú go táirgeadh orgánach, cothú, leas ainmhithe, cúram sláinte agus ceanglais feirmeoireachta lena ngabhann uasdlúis stocála mhionsonraithe do speicis agus teorainneacha dochta maidir le hionchur seachtrach a úsáid, i measc nithe eile maidir le cóireálacha tréidlianna.
Chun go mbeidh siad in ann lógó orgánach an Aontais a úsáid agus ‘orgánach’ a lua ar lipéid a dtáirgí, ní mór do chomhlacht rialaithe arna fhormheas ag na húdaráis inniúla na hoibreoirí orgánacha a dheimhniú, ar comhlacht é a fhianóidh go bhfuil a ngníomhaíocht á déanamh i gcomhréir le rialachán orgánach an Aontais.
Tá tuilleadh eolais faoi chóras deimhniúcháin orgánaigh an Aontais agus faoina fhorfheidhmiú ar fáil ar an leathanach gréasáin seo a leanas de chuid an Choimisiúin:
Feirmeoireacht orgánach (https://agriculture.ec.europa.eu/feirmeoireacht/orgánach-feirmeoireacht…). Ina theannta sin, tá doiciméad Ceisteanna Coitianta maidir le forálacha a bhaineann le táirgeadh orgánach, lena n-áirítear caibidil maidir le dobharshaothrú orgánach, ar fáil anseo: https://agriculture.ec.europa.eu/system/files/2022-09/organic-rules-faq….