Cosúil le haon ghníomhaíocht eacnamaíoch, bíonn tionchar ag an dobharshaothrú ar an gcomhshaol. Braitheann sé sin ar cháilíocht bhainistíocht na gníomhaíochta, ar oiriúnacht an tsuímh agus ar an gcóras táirgthe. Nuair a bhainistítear i gceart é, is féidir leis an dobharshaothrú a bheith ina mhodh táirgthe próitéine freisin a bhfuil lorg carbóin agus comhshaoil níos ísle aige ná cineálacha eile feirmeoireachta. Ina theannta sin, is féidir go leor seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil le cineálacha áirithe dobharshaothraithe (e.g. feirmeoireacht moileasc, dobharshaothrú i linnte agus i mbogaigh, agus feirmeoireacht algaí agus inveirteabrach eile), nuair a dhéantar iad a bhainistiú go hiomchuí. Áirítear ar na seirbhísí sin ionsú cothaitheach breise agus ábhair orgánaigh ón gcomhshaol nó caomhnú agus athchóiriú éiceachóras agus bithéagsúlachta.
Le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais agus le reachtaíocht cur chun feidhme náisiúnta, leagadh síos an creat rialála do dhobharshaothrú an Aontais lena n-áirithítear maolú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí dobharshaothraithe ar an gcomhshaol (bíodh sin i dtéarmaí lorg carbóin, eisiltigh, dramhaíola nó tionchair eile ar éiceachórais mhuirí agus fionnuisce), agus nach ndéanann gníomhaíochtaí dobharshaothraithe dochar suntasach d’éiceachórais ná don bhithéagsúlacht.
Mar sin féin, is féidir feidhmíocht chomhshaoil earnáil dobharshaothraithe an Aontais a fheabhsú tuilleadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) a áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht chomhshaoil i bhfeidhm go hiomlán agus go gcomhlíonfar na cuspóirí atá léi; (ii) tionchar an dobharshaothraithe a mhaolú tuilleadh; agus (iii) dobharshaothrú ag a bhfuil tionchar comhshaoil níos ísle agus dobharshaothrú a sholáthraíonn éicisheirbhísí a chur chun cinn.
Is é is aidhm do na ‘Treoirlínte straitéiseacha maidir le dobharshaothrú níos inbhuanaithe agus níos iomaíche san Aontas don tréimhse 2021 go 2030’ feidhmíocht chomhshaoil na hearnála dobharshaothraithe a fheabhsú trí thionchar an dobharshaothraithe a theorannú tuilleadh, chomh maith leis na cineálacha dobharshaothraithe is tairbhiúla don chomhshaol agus don aeráid a chur chun cinn amhail dobharshaothrú ísealtrófach agus dobharshaothrú orgánach.